1 00:00:09,520 --> 00:00:13,720 TÁ AN FICSEAN SEO BUNAITHE AR FHÍORSCÉALTA 2 00:00:36,840 --> 00:00:38,800 Shíleadar go bhféadfaidís mé a chur ar shiúl. 3 00:00:39,760 --> 00:00:42,920 Tá sé in am go bhfaighidh muintir Guinness an rud atá tuillte acu. 4 00:00:49,640 --> 00:00:51,080 Go n-éirí leat, a dheartháir. 5 00:01:16,480 --> 00:01:19,040 TABHAIR DO VÓTA DO SHIOR ARTHUR GUINNESS 6 00:01:39,200 --> 00:01:43,200 Oibreoidh mé lá is oíche chun cathair iontach a dhéanamh de Bhaile Átha Cliath. 7 00:01:45,200 --> 00:01:46,280 Sior Arthur Guinness. 8 00:01:47,960 --> 00:01:51,200 D'óráid don slógadh, a dhuine uasail, á tabhairt go humhal 9 00:01:51,280 --> 00:01:54,000 faoi mar a bheadh Dia tagtha chun talún chun a mhíorúiltí a dhéanamh. 10 00:01:54,080 --> 00:01:55,760 Cad sa foc iad na pictiúir seo ar fad? 11 00:01:57,080 --> 00:01:57,960 Bhuel, 12 00:01:59,080 --> 00:02:03,480 i Meiriceá, thug siad faoi deara má bhíonn íomhá ann den iarrthóir, 13 00:02:03,560 --> 00:02:06,800 go mbeidh nasc níos fearr ag na vótálaithe leis an bhfear atá á thoghadh acu. 14 00:02:06,880 --> 00:02:08,480 Agus na pictiúir seo, na… 15 00:02:09,400 --> 00:02:10,920 -hÍomhánna? -Na hÍomhánna. 16 00:02:11,000 --> 00:02:11,920 Sea. 17 00:02:12,000 --> 00:02:15,680 Is gnách leo an t-iarrthóir a léiriú mar chréatúr níos foirfe 18 00:02:15,759 --> 00:02:17,240 ná mar atá sé i ndáiríre. 19 00:02:18,600 --> 00:02:20,880 Bhuel, níl créatúr níos foirfe ann. 20 00:02:20,960 --> 00:02:23,160 Tá sé sin róchineálta. Le do thoil, díreach… 21 00:02:23,240 --> 00:02:25,840 san íomhá seo… 22 00:02:30,960 --> 00:02:32,280 tá féasóg orm. 23 00:02:37,840 --> 00:02:40,320 Bhuel, sa bhliain 1848, 24 00:02:40,840 --> 00:02:43,640 chonaic cailín 11 bhliain d'aois as Contae Chautauqua, Nua-Eabhrac, 25 00:02:43,720 --> 00:02:46,400 pictiúr d'Abraham Lincoln ar phóstaer. 26 00:02:46,480 --> 00:02:49,080 Anois, scríobh sí chuig an bhfear mór 27 00:02:49,160 --> 00:02:52,560 ag moladh dó féasóg a fhás chun go mbeadh sé níos tarraingtí do vótálaithe. 28 00:02:52,640 --> 00:02:56,080 D'fhás sé féasóg. Focain toghadh é. 29 00:02:57,040 --> 00:02:59,240 Agus choinnigh sé an fhéasóg don chuid eile dá shaol. 30 00:03:00,720 --> 00:03:02,400 Tá ár dtoghchán i gceann cúig seachtaine. 31 00:03:02,480 --> 00:03:05,240 -Bheadh féasóg thoghcháin agat i gcoicís. -"Féasóg thoghcháin"? 32 00:03:06,160 --> 00:03:08,800 Féach… Hé! Féach orm. 33 00:03:09,680 --> 00:03:13,640 Nílimid i Nua-Eabhrac. Tá an slógadh toghcháin i gceann trí lá, 34 00:03:13,720 --> 00:03:15,880 agus ní mise Abraham Lincoln. 35 00:03:16,480 --> 00:03:19,400 Ní bheidh aon fheadóga ann, ná buabhaill, ná paráidí. 36 00:03:19,480 --> 00:03:22,360 "Tá infheistíocht déanta agam sna feadóga cheana féin, mar sin… 37 00:03:22,440 --> 00:03:23,640 NÁ DÉAN NÚIS 38 00:03:23,720 --> 00:03:26,520 SÉIPÉAL NAOMH MUIRE, SCOILEANNA AGUS AN BHIOCÁIREACHT 39 00:03:57,520 --> 00:03:59,000 Focain bómán. 40 00:04:38,080 --> 00:04:40,360 Cad sa foc atá á dhéanamh agat ar ais in Éirinn? 41 00:04:42,760 --> 00:04:44,200 Táim anseo chun fáil amach 42 00:04:44,280 --> 00:04:48,040 an bhfuil aon fhírinne sna ráflaí a chuala mé i Nua-Eabhrac faoi mo dheirfiúr. 43 00:04:49,800 --> 00:04:51,760 Cá bhfuil d'fhear anois, mar sin? 44 00:04:52,640 --> 00:04:56,040 An fear a tháinig isteach anseo, a thóg an méid a bhí uaidh 45 00:04:56,120 --> 00:04:58,080 agus ansin phós sé duine dá mhuintir féin. 46 00:04:58,160 --> 00:05:00,680 Sé an fear sin an fáth a bhfuil tusa saor. 47 00:05:00,760 --> 00:05:02,240 Anois, imigh leat. 48 00:05:03,040 --> 00:05:04,480 A Ellen, rinne tú botún. 49 00:05:04,560 --> 00:05:07,640 -Dúirt mé leat imeacht. -Mheall sé thú lena ghealltanais agus… 50 00:05:07,720 --> 00:05:08,840 Níor mheall. 51 00:05:10,000 --> 00:05:13,120 Thug mé cuireadh dó isteach sa leaba sin. 52 00:05:14,560 --> 00:05:17,080 Anois tá do chroí briste. 53 00:05:22,120 --> 00:05:24,440 Mhínigh mé mo ghníomhartha dom féin. 54 00:05:25,760 --> 00:05:28,080 Ní gá dom mé féin a mhíniú duitse. 55 00:05:40,360 --> 00:05:42,520 Tháinig mé anseo chun rabhadh a thabhairt duit. 56 00:05:42,600 --> 00:05:44,680 Níor tháinig mé anseo chun tú a ghortú. 57 00:05:48,080 --> 00:05:49,720 Tá toghchán ag teacht. 58 00:05:53,040 --> 00:05:54,720 Beidh ról ag an mBráithreachas. 59 00:05:54,800 --> 00:05:58,120 An bhfuil tú ag bagairt foréigin le linn an toghcháin seo, a dheartháir? 60 00:05:58,640 --> 00:06:02,120 Caithfidh gur rud ollmhór é an grá seo 61 00:06:02,200 --> 00:06:07,840 go bhfuil tú sásta na línte a thrasnú de do thoil féin. 62 00:06:09,000 --> 00:06:12,240 Is féidir grá a bheith agat do dhuine agus grá a bheith agat fós dár gcúis 63 00:06:12,320 --> 00:06:14,200 gan marú ar a shon. 64 00:06:14,280 --> 00:06:16,800 In ainm Dé, a Ellen. 65 00:06:16,880 --> 00:06:18,600 Seo ár gcúis. 66 00:06:18,680 --> 00:06:21,200 Díreach anseo i mo lámh. 67 00:06:24,200 --> 00:06:25,440 Piléar do cé? 68 00:06:27,960 --> 00:06:31,280 A bhuachaillín chraiceáilte. Is cuma cén treoracha a thugadar duit, 69 00:06:31,360 --> 00:06:35,160 ná déan aon rud amaideach, impím ort. Teastaíonn uaim go mbeidh tú beo. 70 00:06:35,240 --> 00:06:39,320 Tá na laethanta le teacht lán le contúirt. Fan anseo, áit a mbeidh tú sábháilte. 71 00:07:16,400 --> 00:07:17,760 A Edward, 72 00:07:18,440 --> 00:07:21,200 Ní raibh sé ar intinn agam an ciúnas eadrainn a bhriseadh 73 00:07:21,280 --> 00:07:23,640 ach tá mé an-bhuartha faoi mo dheartháir. 74 00:07:23,720 --> 00:07:26,680 Agus b'fhéidir gur chóir duitse a bheith buartha faoi do dheartháir féin. 75 00:07:46,600 --> 00:07:48,240 A Edward. 76 00:07:49,280 --> 00:07:51,360 Is eagal liom gur chaill tú an píosa is fearr. 77 00:07:51,440 --> 00:07:55,000 Is eagal liom gur thug mé an píosa is measa liom. 78 00:07:56,280 --> 00:07:59,760 Tá faisnéis faighte agam ó fhoinse an-iontaofa… 79 00:08:01,880 --> 00:08:03,400 go mbeidh trioblóid ann. 80 00:08:04,360 --> 00:08:07,040 Chuir mé Rafferty amach chun tuilleadh a fháil amach. Seo linn. 81 00:08:26,160 --> 00:08:28,240 Céard atá cloiste agat? 82 00:08:35,960 --> 00:08:38,600 NÍL ÉINNE AG CAINT 83 00:08:42,520 --> 00:08:43,760 Aon scéal? 84 00:08:43,840 --> 00:08:45,200 Bhí mé ar fud na cathrach. 85 00:08:45,280 --> 00:08:48,039 Ní admhóidh aon duine go bhfuil Cochrane anseo fiú. 86 00:08:49,480 --> 00:08:51,400 Dá bhrí sin, caithfidh mé iarraidh ort arís 87 00:08:51,480 --> 00:08:54,640 cé a dúirt leat go bhfuil sé ar ais i mBaile Átha Cliath an chéad lá riamh? 88 00:08:57,480 --> 00:09:00,560 -Ó, éist, a Edward. Tá a fhios agam cé. -Cén fáth a bhfuil tú ag fiosrú, mar sin? 89 00:09:00,640 --> 00:09:04,400 Is ortsa atá sé fáil amach cá bhfuil sé agus cén fáth a bhfuil sé ar ais anseo. 90 00:09:06,040 --> 00:09:08,000 -Baisc nua, a Uas Guinness. -Go raibh maith agat. 91 00:09:08,880 --> 00:09:11,560 Má sheoladar Cochrane ar ais anseo ó Nua-Eabhrac, 92 00:09:11,640 --> 00:09:14,000 caithfidh go bhfuil rud éigin speisialta á phleanáil acu. 93 00:09:14,080 --> 00:09:16,280 An dtabharfaidh tú nóiméad dúinn, le do thoil, a Shane? 94 00:09:16,920 --> 00:09:19,680 Tá olc ag Cochrane don teaghlach. 95 00:09:19,760 --> 00:09:22,360 Déarfainn féin gur thairg sé a chuid seirbhísí. 96 00:09:22,880 --> 00:09:24,440 Cé na seirbhísí? 97 00:09:24,520 --> 00:09:26,440 Iarracht mharfach ar do dheartháir. 98 00:09:29,040 --> 00:09:31,400 Ní hea. Tá ár… Rafferty? 99 00:09:33,000 --> 00:09:34,600 Tá ár ndaonchairdeas sa chathair seo 100 00:09:34,680 --> 00:09:37,280 tar éis tacadóirí Caitliceacha agus Liobrálacha a mhealladh. 101 00:09:37,360 --> 00:09:39,640 Agus sin an rud is mó a chuireann eagla ar do namhaid. 102 00:09:39,720 --> 00:09:42,560 Cineáltas ionas gur féidir cur suas leis an status quo. 103 00:09:43,080 --> 00:09:45,040 Dála an scéil, tá an buidéal sin beagán milis. 104 00:09:45,120 --> 00:09:46,040 Tá. 105 00:09:47,320 --> 00:09:51,040 Cén dochar má théim chuig do bhean agus… 106 00:09:51,120 --> 00:09:52,840 Ní hí mo focain bhean í. 107 00:09:53,600 --> 00:09:54,960 Agus ní rachaidh tusa. 108 00:09:57,760 --> 00:09:58,960 Rachaidh mise. 109 00:10:01,560 --> 00:10:05,120 Agus déan cinnte de go bhfanann mo dheartháir sa bhaile. Fág seo, a Rafferty. 110 00:10:06,040 --> 00:10:07,040 Rómhilis. 111 00:10:18,880 --> 00:10:20,760 Tá d'fhear uasal anseo. 112 00:10:29,960 --> 00:10:31,640 Ná bí buartha. Nílim chun teacht isteach. 113 00:10:31,720 --> 00:10:33,600 Go maith. Nílim ag iarraidh go dtiocfá isteach. 114 00:10:33,680 --> 00:10:36,280 Gheobhaidh mé mo chóta agus feicfidh mé thú thíos staighre. 115 00:10:40,120 --> 00:10:42,120 Is féidir leat cabhrú liom éadaí a chrochadh. 116 00:11:04,440 --> 00:11:06,680 An dtriomóidh na héadaí seo sa dorchadas? 117 00:11:07,680 --> 00:11:10,400 Tagann níos lú deatach dubh amach as do ghrúdlann istoíche. 118 00:11:10,480 --> 00:11:12,680 Dá bhrí sin, ar maidin beidh seans ann 119 00:11:12,760 --> 00:11:16,560 go mbeidh mo chuid éadaí… tirim agus fós bán. 120 00:11:31,720 --> 00:11:33,240 Conas mar a bhí an feachtas? 121 00:11:37,800 --> 00:11:39,920 -Ellen… -Ná tar níos gaire, le do thoil. 122 00:11:43,760 --> 00:11:45,120 Tá brón orm. 123 00:11:46,560 --> 00:11:49,400 Cén fáth nach gcuireann tú an cheist ar tháinig tú anseo chun a chur orm? 124 00:11:50,680 --> 00:11:52,560 Níl 'fhios agam cá bhfuil mo dheartháir. 125 00:11:53,200 --> 00:11:55,640 Ní chuirtear muinín ionam lena gcuid rún níos mó. 126 00:11:55,720 --> 00:11:57,920 Níl muinín ag… ceachtar den dá thaobh ionam. 127 00:12:02,160 --> 00:12:04,080 Tháinig mé anseo ar dhá chúis. 128 00:12:05,760 --> 00:12:08,400 An cheist sin a chur ort, agus ceann de mo chuid féin a fhreagairt. 129 00:12:11,600 --> 00:12:12,720 Tá an freagra agam anois. 130 00:12:15,720 --> 00:12:20,600 A Ellen, nuair a d'oscail tú doras do sheomra díreach anois, thuig mé… 131 00:12:22,840 --> 00:12:24,320 go bhfuil mé fós i ngrá leat. 132 00:12:32,560 --> 00:12:33,960 B'fhiú duit imeacht. 133 00:12:34,880 --> 00:12:36,560 Ní bheidh a fios aici cá bhfuil tú. 134 00:13:00,200 --> 00:13:02,520 Dúirt tú go raibh tú ag obair go déanach san oifig, 135 00:13:02,600 --> 00:13:05,720 mar sin shíl mé go dtiocfainn chun comhluadar a choinneáil leat. 136 00:13:08,200 --> 00:13:09,560 Cá raibh tú? 137 00:13:10,200 --> 00:13:11,600 Bhí sé náireach. 138 00:13:13,960 --> 00:13:16,240 Chuaigh mé chuici mar tá eolas uaim. 139 00:13:16,320 --> 00:13:17,640 Tá a fhios agam. 140 00:13:18,360 --> 00:13:20,240 Mhínigh Potter an cás dom. 141 00:13:20,320 --> 00:13:21,920 An raibh aon mhaith inti? 142 00:13:23,280 --> 00:13:24,600 -Ní raibh. -Ní raibh. 143 00:13:27,320 --> 00:13:29,040 Ní dheachaigh mé isteach ina seomra. 144 00:13:29,120 --> 00:13:30,320 Ó, maith thú. 145 00:13:43,720 --> 00:13:45,720 Shílfeá nach féidir le haon bhall den chlann seo 146 00:13:45,800 --> 00:13:47,560 a bheith leis an té a ghránn sé i ndáiríre. 147 00:13:50,760 --> 00:13:52,200 Tusa san áireamh? 148 00:13:57,200 --> 00:13:59,000 Is breá liom an obair a dhéanaim. 149 00:13:59,640 --> 00:14:04,760 Is breá liom gur féidir liom rudaí a fheabhsú agus sinn pósta anois. 150 00:14:06,760 --> 00:14:07,920 Ach… 151 00:14:10,440 --> 00:14:14,720 ceistím an bhfuil mé ábalta grá a thabhairt do dhuine eile. 152 00:14:18,680 --> 00:14:20,680 Is beag nach tusa an duine sin. 153 00:14:22,440 --> 00:14:24,720 Is beag nach tusa an duine sin freisin. 154 00:14:26,800 --> 00:14:28,320 Ach ní mise an duine sin. 155 00:14:32,280 --> 00:14:34,440 Bíonn gach comhréiteach neamhfhoirfe. 156 00:14:37,240 --> 00:14:40,240 Ach is féidir linn maireachtáil leis an neamhfhoirfeacht, nach féidir? 157 00:14:49,720 --> 00:14:52,000 Chuaigh mé amach agus cheannaigh mé bioráin. 158 00:14:52,960 --> 00:14:56,640 Táimid ag úsáid an t-uafás biorán agus muid ag pionnáil ár bpleananna. 159 00:14:57,360 --> 00:15:00,360 D'fhéadfá ár mbuanna a thomhas trínár mbioráin a mheá. 160 00:15:01,000 --> 00:15:04,200 Chuaigh tú isteach i siopa i ndáiríre agus cheannaigh tú na bioráin le hairgead? 161 00:15:04,280 --> 00:15:05,480 Le boinn. 162 00:15:06,080 --> 00:15:07,280 Gan mhiotóga. 163 00:15:07,960 --> 00:15:09,960 Bhí mé ag magadh faoin aimsir. 164 00:15:10,840 --> 00:15:14,400 Tá grá mór ag muintir Bhaile Átha Cliath dom. 165 00:15:18,440 --> 00:15:19,480 A Anne… 166 00:15:25,600 --> 00:15:27,960 Tabhair buille faoi thuairim cén fáth a bhfuil sibh anseo. 167 00:15:30,760 --> 00:15:33,440 -Mar tá an grá dall. -Tá an grá dall go deimhin. 168 00:15:34,200 --> 00:15:35,240 Níl mise. 169 00:15:35,320 --> 00:15:37,600 Níl muintir Bhaile Átha Cliath. 170 00:15:37,680 --> 00:15:39,520 Sílim go rabhamar discréideach. 171 00:15:39,600 --> 00:15:41,640 Ag cur seomra in áirithe in Óstán an Imperial 172 00:15:41,720 --> 00:15:44,040 faoi ainm an Uas Guinness agus a bhean. 173 00:15:45,360 --> 00:15:47,280 -Bhí mé ar meisce. -Ní raibh mise. 174 00:15:50,080 --> 00:15:54,080 Bille óstáin atá cothrom le tuarastal bliantúil fear oibre - 175 00:15:55,560 --> 00:15:58,560 cúig bhuidéal seaimpéin, 176 00:15:58,640 --> 00:16:01,120 dhá bhuidéal de bhranda agus caibheár san áireamh. 177 00:16:01,200 --> 00:16:04,800 Agus, a Ben, conas go díreach ar bhris tú na beanna de cheann carria ar an mballa? 178 00:16:06,000 --> 00:16:10,240 Thóg Ben ceann an charria ón mballa mar bhí sé in am reithe. 179 00:16:10,880 --> 00:16:13,760 Rith mé ina treo agus… rith mé thairsti. 180 00:16:15,920 --> 00:16:17,320 Táimid i ngrá, a Annie. 181 00:16:20,160 --> 00:16:22,160 Is cosúil go bhfuil an bheirt agaibh doleigheasta. 182 00:16:22,960 --> 00:16:24,240 Cosúil liom féin. 183 00:16:25,520 --> 00:16:27,600 Mar sin ní mór dúinn glacadh leis na teorainneacha 184 00:16:27,680 --> 00:16:29,440 a chuireann ár n-ionfhabhtaithe orainn. 185 00:16:29,520 --> 00:16:30,520 An féidir liom… 186 00:16:30,600 --> 00:16:32,840 Má gheallann tú a bheith discréideach as seo amach, 187 00:16:33,440 --> 00:16:37,320 glacfaidh an teaghlach leat mar leannán luí oifigiúil Benjamin. 188 00:16:38,240 --> 00:16:41,400 Ní saol míthaitneamhach a bhíonn ag leannán luí oifigiúil Guinness. 189 00:16:41,480 --> 00:16:42,720 An smaoineamh Edward é seo? 190 00:16:42,800 --> 00:16:44,720 Is liomsa agus Aintín Agnes agus Dodo é. 191 00:16:45,720 --> 00:16:50,240 Táimid tar éis muid féin a cheapadh mar chaomhnóirí oifigiúla cháil an teaghlaigh. 192 00:16:51,280 --> 00:16:54,360 Mar tá rud éigin an-tromchúiseach ag tarlú faoi láthair. 193 00:16:55,240 --> 00:16:58,920 Tá an ghrúdlann ina siombail sa chathair seo anois, 194 00:16:59,000 --> 00:17:01,160 agus seasaimid d'ainm Guinness. 195 00:17:01,240 --> 00:17:04,400 Cibé rud a tharlóidh ina dhiaidh seo, caithfidh an teaghlach maireachtáil. 196 00:17:04,480 --> 00:17:06,520 Dá bhrí sin, teastaíonn cairde uainn. 197 00:17:07,360 --> 00:17:09,200 Teastaíonn uainn go dtoghfar Arthur, 198 00:17:09,280 --> 00:17:12,520 go nglacfar lenár ndaonchairdeas, agus go samhlaítear muid mar dhroichead 199 00:17:12,599 --> 00:17:14,480 dar leis an dá thaobh den deighilt in Éirinn. 200 00:17:15,440 --> 00:17:18,040 Tá naimhde againn le buamaí agus gunnaí. 201 00:17:19,119 --> 00:17:21,720 Tá naimhde againn le Bíoblaí faoina ascaill acu. 202 00:17:22,640 --> 00:17:24,560 Mar sin, caithfimid go léir a bheith aontaithe. 203 00:18:18,600 --> 00:18:20,880 Tá carráiste do dhearthár ag teacht, a dhuine uasail. 204 00:18:20,960 --> 00:18:23,120 Tá a fhios agat, mhol Byron Hedges dom féasóg a fhás 205 00:18:23,200 --> 00:18:25,520 chun go bhféachfainn cosúil le hAbraham Lincoln, 206 00:18:28,000 --> 00:18:32,000 D'fhéadfá a mheabhrú don Uas Hedges gur feallmharaíodh Abraham Lincoln. 207 00:18:36,960 --> 00:18:37,960 Chuala tú? 208 00:18:39,120 --> 00:18:42,120 Tá comhcheilg ann, agus fear le gunna. 209 00:18:42,200 --> 00:18:45,640 Tá a fhios ag gach duine. Tá gach duine buartha fút. 210 00:18:46,160 --> 00:18:47,600 Gach duine seachas mise. 211 00:18:48,240 --> 00:18:50,320 -Táim buartha faoi mo bhean chéile. -Sea. 212 00:19:06,440 --> 00:19:09,760 A Potter, cathain a líonadh an teisteán fuisce an uair dheireanach? 213 00:19:09,840 --> 00:19:11,680 Go luath tráthnóna aréir, a dhuine uasail. 214 00:19:12,800 --> 00:19:15,320 Ó, sea. Bhí aíonna agam. 215 00:19:16,120 --> 00:19:18,400 -Cé na haíonna? -Amhras, éiginnteacht. 216 00:19:18,480 --> 00:19:20,120 Ach ní faitíos, a deir sé. 217 00:19:20,200 --> 00:19:23,560 Ní hé an faitíos roimh philéar a chuireann iallach ort an teisteán fuisce a fholmhú? 218 00:19:35,120 --> 00:19:36,320 Bhuel? 219 00:19:36,400 --> 00:19:37,320 Bhuel, 220 00:19:39,040 --> 00:19:42,120 tá mo bhean chéile i Londain, ag tabhairt cuairt ar a deirfiúracha, 221 00:19:42,200 --> 00:19:46,520 agus idir thurais chuig an amharclann agus chuig a deirfiúracha, beidh sí… 222 00:19:48,960 --> 00:19:51,160 -Brón orm, cén t-am é? -Díreach i ndiaidh meán lae. 223 00:19:53,320 --> 00:19:56,560 -Bhí an choinne ag 11:30. -Ó, ar ndóigh. 224 00:19:58,880 --> 00:20:00,880 Beidh an fhadhb sin díreach imithe. 225 00:20:12,600 --> 00:20:14,960 "Tá mo bhean imithe go Londain, a Uas Rafferty." 226 00:20:15,040 --> 00:20:18,200 "An dtuigeann tú, a Uas Rafferty? Tá sí ag tabhairt cuairt ar a deirfiúracha." 227 00:20:18,280 --> 00:20:21,200 -"Sin an méid, a Uas Rafferty." -Tá sé díreach meán lae agus tá tú ólta. 228 00:20:21,280 --> 00:20:23,560 Tá Teach Guinness lán de chalaois 229 00:20:23,640 --> 00:20:26,280 ach nílim ábalta a pháiste suirí a ghlacadh mar m'oidhre. 230 00:20:26,360 --> 00:20:29,200 Dún do chlab. Tá sé seo míshlachtmhar. 231 00:20:29,720 --> 00:20:32,400 Tá obair le déanamh againn. Ceart go leor? 232 00:20:32,480 --> 00:20:34,520 Tá croí briste agam. Is cuma. 233 00:20:35,240 --> 00:20:37,040 Tá obair thábhachtach le déanamh againn. 234 00:20:41,960 --> 00:20:44,800 Éist anois. Teastaíonn uaim go mbeidh tú láidir. 235 00:20:50,000 --> 00:20:52,520 FEAR IONRACAIS, CARTHANACHTA AGUS CEANNAIREACHTA 236 00:21:16,320 --> 00:21:19,280 An bhfaca tú do dheirfiúracha i Londain? An rabhadar go maith? 237 00:21:19,360 --> 00:21:21,360 Bhí gach duine in Chelsea ag caint fúthu. 238 00:21:22,160 --> 00:21:23,600 Agus chuaigh tú chuig seó? 239 00:21:26,040 --> 00:21:27,800 An American Lady le Byron. 240 00:21:30,680 --> 00:21:31,720 An raibh sé go maith? 241 00:21:32,960 --> 00:21:34,640 Níor thug mé aon aird air i ndáiríre. 242 00:21:46,560 --> 00:21:48,320 Ba í an oíche roimh ré, an dtuigeann tú? 243 00:21:52,240 --> 00:21:53,680 Bhí an-eagla orm. 244 00:21:59,840 --> 00:22:00,960 Tuigim, ach… 245 00:22:03,040 --> 00:22:04,040 sa deireadh, 246 00:22:05,040 --> 00:22:07,720 ní raibh aon ghá eagla a bheith ort. 247 00:22:07,800 --> 00:22:10,520 Bhí gá, bhfuil 'fhios agat. 248 00:22:12,520 --> 00:22:14,520 Bhí cúis eagla ann, 249 00:22:16,160 --> 00:22:18,120 mar an lá dár gcionn… 250 00:22:21,480 --> 00:22:22,600 Ní raibh sé… 251 00:22:27,920 --> 00:22:29,120 Bhí sé an-uaigneach. 252 00:22:30,960 --> 00:22:31,960 Tá brón orm. 253 00:22:32,560 --> 00:22:33,840 Mhothaigh mé an-uaigneach. 254 00:22:35,720 --> 00:22:37,040 Ba chóir dom dul ann leat. 255 00:22:37,680 --> 00:22:39,800 Ní ligfidís duit fanacht. 256 00:22:40,720 --> 00:22:42,600 Ní raibh ann ach clinic beag. 257 00:22:42,680 --> 00:22:44,160 Díreach an dochtúir 258 00:22:44,720 --> 00:22:47,200 agus mé féin. Agus go hachomair, an ceann eile… 259 00:22:47,280 --> 00:22:49,720 A Olivia, ba é an dochtúir ab fhearr ar Shráid Harley é. 260 00:22:49,800 --> 00:22:50,720 Ó, déarfainn é. 261 00:22:57,600 --> 00:23:00,160 Nuair a bhí tú uaigneach, b'fhéidir nár mise a bhí uait. 262 00:23:01,240 --> 00:23:03,880 -Sílim go rachaidh mé a chodladh go luath. -Sea? 263 00:23:06,560 --> 00:23:09,560 D'fhiafraigh an fear a bhí uait an féidir leis bualadh leat anocht. 264 00:23:17,640 --> 00:23:20,640 Toisc go bhfuil mé cineálta le gach duine seachas liom féin, dúirt mé gur féidir. 265 00:23:23,680 --> 00:23:26,560 Tá sé sa leabharlann, ag ligean air bileoga a ullmhú. 266 00:23:28,360 --> 00:23:29,800 Tá sé ceart go leor. Tá 'fhios agam. 267 00:23:32,080 --> 00:23:34,520 Ní gá duit grá a thabhairt dom mar go bhfuil grá agamsa duitse. 268 00:23:37,120 --> 00:23:38,200 Grá? 269 00:23:42,000 --> 00:23:44,040 Tá sé chomh brónach agus ait, nach bhfuil? 270 00:23:47,640 --> 00:23:50,680 Téigh go dtí an leabharlann, lig ort bileoga a ullmhú, 271 00:23:51,200 --> 00:23:54,280 agus rachaidh mise go dtí an leaba agus ligfidh mé orm go bhfuilim i mo chodladh. 272 00:23:55,280 --> 00:23:56,520 Imigh. 273 00:23:56,600 --> 00:24:00,120 Ach cuimhnigh gur tusa mo bhean chéile. 274 00:24:31,720 --> 00:24:33,880 Dúirt sé gur iarr tú bualadh liom? 275 00:24:33,960 --> 00:24:35,960 Theastaigh uaim a fháil amach an bhfuil tú ceart go leor. 276 00:24:36,800 --> 00:24:37,840 Nílim. 277 00:24:40,680 --> 00:24:42,200 Bhí mé buartha. 278 00:24:48,960 --> 00:24:52,480 Fuair mé amach go bhfuil mé go hiomlán i m'aonar nuair nach bhfuil mé leatsa. 279 00:24:56,160 --> 00:24:59,280 Braitheann gach rud amhail is gur dráma ar stáitse é nuair nach bhfuil mé leat. 280 00:25:04,520 --> 00:25:06,640 Mar sin, thógadar ár leanbh. 281 00:25:06,720 --> 00:25:08,400 Ní an focal sin. 282 00:25:16,480 --> 00:25:19,040 Bhí Londain lasta suas i gcónaí. Bhí sé an-tuirsiúil. 283 00:25:19,720 --> 00:25:21,800 Bhuel, is dócha go gcaithfidh tú codladh. 284 00:25:21,880 --> 00:25:23,200 Ní chodlóidh mé 285 00:25:24,040 --> 00:25:25,960 mura bhfuil do lámha timpeall orm. 286 00:25:27,280 --> 00:25:29,640 Nuair a dhúisím ó thromluí, rud a dhéanfaidh mé go cinnte, 287 00:25:29,720 --> 00:25:31,360 teastaíonn uaim go mbeidh tú in aice liom. 288 00:25:32,840 --> 00:25:35,120 Deir m'fhear céile nach gcuirfidh sé in éadan 289 00:25:35,200 --> 00:25:37,440 má théimid suas agus codlóimid le chéile. 290 00:25:37,520 --> 00:25:41,080 Ach cuirfidh sé ina éadan má théimid suas agus nach gcodlóimid le chéile 291 00:25:41,160 --> 00:25:43,720 mar ciallaíonn sé sin go bhfuil caidreamh tosaithe. 292 00:25:43,800 --> 00:25:45,080 Codail go sámh tusa. 293 00:25:46,240 --> 00:25:47,600 Coinneoidh mise súil ort. 294 00:25:49,720 --> 00:25:52,200 Tá an-eagla orm go bhfuil mé i ngrá leat. 295 00:25:53,560 --> 00:25:55,040 Ná bíodh eagla ort. 296 00:25:57,480 --> 00:25:59,080 Tá mise i ngrá leatsa freisin. 297 00:27:01,280 --> 00:27:03,360 Agus maith dúinn ár bhfiacha, 298 00:27:04,320 --> 00:27:06,720 mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin. 299 00:27:08,080 --> 00:27:10,040 Ná lig sinn i gcathú, 300 00:27:10,960 --> 00:27:12,520 ach saor sinn ó olc. 301 00:27:13,800 --> 00:27:14,680 Áiméan. 302 00:27:27,920 --> 00:27:30,160 Mar sin, séidfidh mé m'fheadóg 303 00:27:30,760 --> 00:27:32,920 agus tosóidh an chraic. 304 00:27:34,040 --> 00:27:34,880 Craic? 305 00:27:34,960 --> 00:27:39,120 Sea! Seisear fear gléasta in uaine, seisear fear gléasta in oráiste. 306 00:27:39,200 --> 00:27:41,080 Byron, cad atá i gceist agat? 307 00:27:42,440 --> 00:27:45,760 Tá a gcuid hataí dubh, an dath céanna le… 308 00:27:45,840 --> 00:27:48,000 -Guinness. -Pórtar. 309 00:27:49,120 --> 00:27:50,320 Agus leanann siad tusa? 310 00:27:50,400 --> 00:27:53,720 Cinnte, ó thábhairne go tábhairne ag piocadh suas fir ar an mbealach. 311 00:27:53,800 --> 00:27:56,360 Seo fós feachtas an Pháirtí Chaomhaigh, nach ea? 312 00:27:56,440 --> 00:27:58,600 Agus tá tú fós ag iarraidh orm tú a fháil tofa, sin ceart? 313 00:27:58,680 --> 00:28:00,600 Rud a dhéanfaidh sé, a Arthur. 314 00:28:09,320 --> 00:28:12,640 Agus cad faoi do chuid taighde eile? 315 00:28:13,160 --> 00:28:17,080 Bhuel, rinne mé fiosrúcháin le hiarchomhpháirtithe i mBaile Átha Cliath. 316 00:28:17,160 --> 00:28:18,800 Is seanchairde le m'athair iad. 317 00:28:19,840 --> 00:28:22,680 D'íoc mé fir áirithe le bheith in áiteanna áirithe 318 00:28:22,760 --> 00:28:24,680 nuair a bhíonn cruinnithe ar siúl. Anois, 319 00:28:25,400 --> 00:28:28,240 níl dada ar eolas ag aon duine an babhta seo, ar ndóigh. 320 00:28:28,320 --> 00:28:31,680 Luaigh ainm Cochrane, agus titeann siad ina dtost ar nós manaigh Chartúiseacha. 321 00:28:31,760 --> 00:28:34,720 Ach aithním an chuma sin ar a n-aghaidh. 322 00:28:36,320 --> 00:28:38,440 Níl tuairim agam cathain nó cén áit a ndéanfar iarracht 323 00:28:38,520 --> 00:28:39,960 ach táimid ag tabhairt aire dó. 324 00:28:40,040 --> 00:28:42,360 Mar sin féin, níl eagla orm fós. 325 00:28:45,880 --> 00:28:47,360 Má scaoiltear piléar, 326 00:28:48,560 --> 00:28:49,800 fágaim saol iontach i mo dhiaidh. 327 00:28:49,880 --> 00:28:51,320 A dheartháir, ná labhair mar sin. 328 00:28:52,280 --> 00:28:53,960 Tá rud éigin tugtha faoi deara agam. 329 00:28:56,840 --> 00:28:58,160 Tá misneach agam. 330 00:29:00,800 --> 00:29:02,040 Tá misneach agam. 331 00:29:06,280 --> 00:29:08,280 -Cé a cheapfadh é? -Mise. 332 00:29:10,080 --> 00:29:11,040 Cheapfainnse é. 333 00:29:15,360 --> 00:29:17,400 Gheobhaidh Rafferty Cochrane. 334 00:29:21,360 --> 00:29:22,760 Fan go bhfeicfimid. 335 00:29:28,760 --> 00:29:30,840 SLÓGADH TOGHCHÁIN MEÁN LAE - 4ú LÚNASA 336 00:29:30,920 --> 00:29:32,800 TEACH AN ARD-MHÉARA SIOR ARTHUR GUINNESS 337 00:29:48,760 --> 00:29:49,600 Cá bhfuil Cochrane? 338 00:29:49,680 --> 00:29:51,120 Go hifreann leat. 339 00:30:39,880 --> 00:30:41,600 Dúirt Potter go raibh gnó agat. 340 00:30:41,680 --> 00:30:42,920 Gnó tábhachtach. 341 00:30:45,760 --> 00:30:48,800 Ba mhaith liom go bhfeicfeadh m'athair é seo mar bheadh sé an-sásta. 342 00:30:49,320 --> 00:30:50,600 Cad faoi? 343 00:31:07,760 --> 00:31:11,360 Rinneamar socrú, agus bhris tú coinníollacha an tsocraithe sin. 344 00:31:13,120 --> 00:31:16,480 Nuair a dhréachtaíomar ár gconradh pósta, d'éiligh tú go mbeadh sé de cheart agat 345 00:31:16,560 --> 00:31:18,800 do rogha duine a focáil, agus bogadh ar aghaidh. 346 00:31:18,880 --> 00:31:22,160 Agus rinne mé an focáil ach theip orm bogadh ar aghaidh, an ea? 347 00:31:23,080 --> 00:31:24,080 Sea. 348 00:31:25,480 --> 00:31:27,200 Is féidir gnéas a bheith agat… 349 00:31:29,000 --> 00:31:30,320 ach gan grá a bheith agat. 350 00:31:32,040 --> 00:31:35,680 An bhfuil an conradh ar neamhní, mar sin? An gcuirfear dlíodóirí ar an eolas? 351 00:31:35,760 --> 00:31:37,200 Is fútsa a bheidh sé sin. 352 00:31:40,360 --> 00:31:43,880 Is féidir leat, más mian leat, 353 00:31:45,960 --> 00:31:46,960 fágáil leis. 354 00:31:51,640 --> 00:31:55,120 D'fhéadfá imeacht ach bheadh sibh ag siúl 355 00:31:55,200 --> 00:31:57,400 mar ní bheadh aon charráiste ann. 356 00:31:57,480 --> 00:32:00,440 Bheadh seisean dífhostaithe, ar ndóigh, agus d'fhillfeása 357 00:32:00,520 --> 00:32:03,840 ar na gcúinsí airgeadais ina raibh tú sular shíníomar ár gconradh. 358 00:32:04,520 --> 00:32:06,960 Bheadh d'fhear nua dofhostaithe ar fud na tíre. 359 00:32:08,000 --> 00:32:11,720 Bheadh an chúis a bhí taobh thiar de do shaol nua 360 00:32:12,400 --> 00:32:14,280 ar eolas ag gach duine sa chathair. 361 00:32:17,200 --> 00:32:18,360 Mo mhímhuinín. 362 00:32:21,360 --> 00:32:22,600 Do náire. 363 00:32:22,680 --> 00:32:26,320 Chomh maith leis seo go léir, tá m'fhostaí is sinsearaí, 364 00:32:26,400 --> 00:32:28,000 mar thoradh ar a mhothúcháin, 365 00:32:28,080 --> 00:32:30,880 sách lagaithe agus mí-oiriúnach do mo chuid aidhmeanna. 366 00:32:32,560 --> 00:32:34,760 In ainneoin gur sáraíodh an conradh seo… 367 00:32:38,000 --> 00:32:40,600 d'fhéadfadh an dá chonradh leanúint ar aghaidh mar a bhí siad, 368 00:32:42,240 --> 00:32:43,880 le coinníollacha athraithe. 369 00:32:47,800 --> 00:32:48,800 Féach, 370 00:32:51,880 --> 00:32:55,960 beidh cosc ar aon chaidreamh collaí idir an bheirt agaibh… 371 00:32:59,000 --> 00:33:01,000 ar mhaithe le haon sárú eile a sheachaint 372 00:33:02,520 --> 00:33:05,640 agus chun aon timpiste eile a sheachaint. 373 00:33:12,920 --> 00:33:13,960 Sa chás sin… 374 00:33:17,000 --> 00:33:19,560 glacaim le coinníollacha athraithe ár gcomhaontaithe. 375 00:33:19,640 --> 00:33:20,640 An-mhaith. 376 00:33:25,640 --> 00:33:27,640 Dúirt mé leis go gcaithfidh tú labhairt leis. 377 00:33:29,080 --> 00:33:30,080 -Cathain? -Anois. 378 00:33:30,160 --> 00:33:31,880 -Ní anois. -Anois! 379 00:33:32,520 --> 00:33:35,840 Tá mise i lár feachtais. Ní mór dúinn é seo a dhéanamh. 380 00:33:38,760 --> 00:33:43,280 Teastaíonn tú uaim ar mo lámh, agus miongháire ar d'aghaidh. 381 00:33:49,160 --> 00:33:51,480 Tá carráiste ag fanacht chun tú a thabhairt abhaile. 382 00:34:08,400 --> 00:34:10,880 Amach anseo, cuimhneoidh mé i gcónaí bogadh ar aghaidh. 383 00:34:12,040 --> 00:34:13,040 Sea. 384 00:34:14,360 --> 00:34:16,040 Tá gach rud mar is mian leat. 385 00:34:18,080 --> 00:34:19,480 Agus beidh i gcónaí. 386 00:34:26,639 --> 00:34:28,719 Is mór an faoiseamh dom 387 00:34:29,360 --> 00:34:34,080 nach bhfágfaidh mise ag aon duine eile an t-ualach seo a d'fhág tusa agamsa. 388 00:35:06,040 --> 00:35:08,440 -Dúirt mé cúig nóiméad. -Sin fuílleach. 389 00:35:09,880 --> 00:35:11,800 -Seol isteach é -Cinnte, a bhean uasal. 390 00:35:31,000 --> 00:35:31,920 A Potter. 391 00:35:33,280 --> 00:35:35,440 Imigh leat agus déan rud éigin i seomra i bhfad ó seo. 392 00:35:38,120 --> 00:35:39,240 Cinnte, a bhean uasal. 393 00:35:40,760 --> 00:35:42,360 Agus dún an doras. 394 00:35:42,440 --> 00:35:43,640 Cinnte, a bhean uasal. 395 00:36:06,720 --> 00:36:08,400 Ar ndóigh, táthar ag faire orainn. 396 00:36:08,480 --> 00:36:10,760 Gheobhaidh Potter áit chun breathnú orainn. 397 00:36:11,920 --> 00:36:14,640 Ach ní féidir leo muid a chloisteáil má labhraímid go han-chiúin. 398 00:36:14,720 --> 00:36:18,280 Ach ní labhróidh tusa. Claon do cheann agus cuir cuma bhrónach ort. 399 00:36:18,800 --> 00:36:20,320 Tá mé brónach. 400 00:36:21,840 --> 00:36:26,000 Dúradh liom a rá leat nach féidir linn a bheith le chéile mar sin choíche arís. 401 00:36:29,120 --> 00:36:30,800 Ach tá cinneadh déanta agam… 402 00:36:30,880 --> 00:36:33,080 foc é sin agus foc iad uilig. 403 00:36:36,720 --> 00:36:39,120 Caithfidh mé a bheith tapa mar sin, níl agam ach cúpla focal. 404 00:36:39,760 --> 00:36:42,720 Tá col ceathar agam. Tá sé ina dhiabhal ach tá muinín agam as. 405 00:36:43,240 --> 00:36:44,720 Tá teach beag aige i nDomhnach Broc. 406 00:36:44,800 --> 00:36:47,440 -A Olivia… -Cuir cuma focain bhrónach ort. 407 00:36:49,040 --> 00:36:52,080 Éileoidh mé go bhfuil seachrán nua aimsithe agam. 408 00:36:52,160 --> 00:36:55,000 Fear a thugann siamsaíocht dom ar nós leannán luí Guinness. Ní gá 409 00:36:55,800 --> 00:36:57,720 go mbeadh 'fhios ag éinne gur tusa an fear sin. 410 00:37:00,960 --> 00:37:03,080 -Buailfimid le chéile ar an gCéadaoin. -Lá amháin. 411 00:37:03,160 --> 00:37:05,280 Sin ceart. Lá amháin sa tseachtain ar dtús. 412 00:37:05,800 --> 00:37:07,640 An rud a bhí mé chun a rá ná 413 00:37:09,120 --> 00:37:11,720 lá amháin beimid le chéile. 414 00:37:12,760 --> 00:37:16,800 Beidh mé sásta éalú thart ar feadh tamaill ainneoin a mbiogóideachta damanta. 415 00:37:18,240 --> 00:37:19,480 Ach lá amháin, 416 00:37:20,800 --> 00:37:22,560 beimid le chéile. 417 00:37:24,960 --> 00:37:25,880 Imigh leat anois. 418 00:37:28,520 --> 00:37:29,920 Cuir cuma bhrónach ort. 419 00:37:31,560 --> 00:37:32,920 Tá mé brónach. 420 00:37:44,520 --> 00:37:50,000 LÁ AN tSLÓGAIDH TOGHCHÁIN 421 00:37:53,440 --> 00:38:00,440 TABHAIR DO VÓTA DO SHIOR ARTHUR GUINNESS 422 00:38:05,640 --> 00:38:09,400 Teastaíonn beagán níos mó focain práinne uainn sa seomra seo, le bhur thoil. 423 00:38:10,000 --> 00:38:12,880 Beidh Arthur Guinness ina sheasamh ar an stáitse seo i gceann cúig huaire. 424 00:38:13,480 --> 00:38:15,600 Agus bhur dTeachta Parlaiminte Caomhach, 425 00:38:15,680 --> 00:38:16,960 Arthur Guinness. 426 00:38:17,040 --> 00:38:19,240 Tá an todhchaí ár gcathrach móire… 427 00:38:19,320 --> 00:38:21,880 -A Arthur. Thar fóir ar fad. -An ceart agat. Brón orm. 428 00:38:24,200 --> 00:38:27,320 …ár gcathrach móire idir dhá cheann na meá. 429 00:38:27,400 --> 00:38:29,760 An mbogaimid ar aghaidh de réir mar a athraíonn an saol? 430 00:38:30,560 --> 00:38:33,320 An bhfillfimid ar na claontachtaí catacha… 431 00:38:33,400 --> 00:38:34,880 -Casta. -Casta. Go raibh maith agat. 432 00:38:34,960 --> 00:38:38,240 An bhfillfimid ar na claontachtaí casta atá sáite san am atá thart? 433 00:39:05,360 --> 00:39:06,840 Nuair a fhéachann sibh ormsa, 434 00:39:07,720 --> 00:39:09,160 ní fheiceann sibh radacaí. 435 00:39:10,520 --> 00:39:11,960 Ach is é an rud a fheiceann sibh 436 00:39:12,040 --> 00:39:14,600 ná fear le hintinn… 437 00:39:14,680 --> 00:39:17,640 Ó, tá intinn… fear a bhfuil intinn oscailte aige ar… 438 00:39:17,720 --> 00:39:19,520 Oscailte. Sea. Tá intinn oscailte agam… 439 00:39:19,600 --> 00:39:21,120 -Sea. -Foc! 440 00:39:21,200 --> 00:39:23,480 Cad dó a bhfuil intinn oscailte agam, a Edward? 441 00:39:24,080 --> 00:39:28,720 Oscailte i leith saol ár saoránach go léir a fheabhsú. 442 00:39:28,800 --> 00:39:32,800 Ag tabhairt le fios go mbeidh tú oscailte i leith saol na gCaitliceach a fheabhsú. 443 00:39:34,200 --> 00:39:38,120 Anois, an chuid den óráid ina gcuirfidh tú in iúl do chuid smaointe nua 444 00:39:38,200 --> 00:39:40,800 maidir le sodamacht a dhéanamh dleathach. 445 00:39:56,160 --> 00:39:57,200 Déanfaidh tusa cúis 446 00:40:03,880 --> 00:40:07,320 Dúirt mé le gach ball den teaghlach go bhféadfaidís… 447 00:40:07,400 --> 00:40:11,760 a bheith i mbaol díreach as ucht a bheith thuas ar an stáitse leat inniu. 448 00:40:11,840 --> 00:40:13,480 Dúirt mé leo, ag nóiméad ar bith… 449 00:40:15,280 --> 00:40:16,840 go bhféadfaí go scaoilfí an piléar. 450 00:40:19,200 --> 00:40:20,120 Agus? 451 00:40:21,800 --> 00:40:23,840 Bhuel, dúradar gur mhaith leo a bheith leat. 452 00:40:25,720 --> 00:40:28,560 D'aontaíomar go bhfuil sé tábhachtach a bheith aontaithe 453 00:40:28,640 --> 00:40:30,400 in aghaidh aon fhorchur nó bagairt. 454 00:40:41,320 --> 00:40:42,320 Agus táimid… 455 00:40:47,320 --> 00:40:48,720 in ainneoin gach rud. 456 00:40:52,920 --> 00:40:55,840 Damnú, a Edward! Tá rud éigin le rá agam libh go léir. 457 00:40:55,920 --> 00:40:57,920 Sea. Suigh síos. 458 00:41:00,920 --> 00:41:04,000 Sula rachaimid, mar an deartháir is sine, tá mé chun cúpla focal a rá. 459 00:41:04,080 --> 00:41:06,720 An féidir an bhéim a chur ar an bhfocal "cúpla," a Arthur? 460 00:41:06,800 --> 00:41:10,160 An lá a bhí sochraid ár n-athar ann, bhíomar go léir bailithe sa seomra seo 461 00:41:10,240 --> 00:41:13,240 agus bhí orainn greim láimhe a choinneáil ar a chéile ar nós páistí. 462 00:41:13,320 --> 00:41:16,000 Chaith mé fuisce ar Benjamin. Ansin thug Benjamin sonc leis an gceann d'Edward 463 00:41:16,080 --> 00:41:18,920 -Chaith mé mo cheann siar le geit. -Scaoil tú fiacail. 464 00:41:19,000 --> 00:41:22,160 Éist, nó diúltóidh tú go hiomlán an pointe atáim chun a dhéanamh. 465 00:41:22,240 --> 00:41:24,000 Cén pointe, a Arthur? Tá sé deich chun. 466 00:41:24,080 --> 00:41:26,960 Is é an pointe ná go bhfuil athrú tagtha orainn go léir ón lá sin… 467 00:41:28,680 --> 00:41:29,720 athrú chun feabhais. 468 00:41:31,000 --> 00:41:34,000 A Benjamin, ar lá shochraid ár n-athar, bhí tú ólta. 469 00:41:35,520 --> 00:41:37,480 Níl tú chomh hólta sin anseo inniu. 470 00:41:40,200 --> 00:41:41,200 A Anne, 471 00:41:41,960 --> 00:41:43,880 thosaigh ár bhfeabhas leatsa. 472 00:41:43,960 --> 00:41:46,960 Mar a fheiceann tú, a Arthur, níl feabhas tagtha ar mo chorp. 473 00:41:47,040 --> 00:41:49,640 Tuigim, ach cinnteoidh do thoil agus do mharthanacht 474 00:41:49,720 --> 00:41:53,440 nach samhlófar ainm Guinness le beoir amháin, 475 00:41:53,520 --> 00:41:55,200 ach le cineáltas. 476 00:41:56,400 --> 00:41:57,360 A Edward, 477 00:41:59,120 --> 00:42:03,360 is tusa a thóg an rath seo agus a d'iompaigh ina mhíorúilt é. 478 00:42:03,440 --> 00:42:05,760 Leiviatan idirnáisiúnta. 479 00:42:05,840 --> 00:42:09,920 Ag iompú uisce, leannlusanna, agus eorna isteach ina n-ór. 480 00:42:12,680 --> 00:42:16,560 Agus bhí mise… ag an am sin, bhí mé anseo le caolchead… 481 00:42:16,640 --> 00:42:18,560 Cad a tharla do "cúpla focal"? 482 00:42:18,640 --> 00:42:21,320 …ach is féidir liom a rá anois nach bhfuil áit ar domhan 483 00:42:21,400 --> 00:42:23,560 arbh fhearr liom a bheith ach sa seomra seo 484 00:42:24,680 --> 00:42:27,760 leis an teaghlach seo, mar chuid den chomhlacht seo. 485 00:42:30,480 --> 00:42:31,640 Mar sin… 486 00:42:33,760 --> 00:42:36,800 bíodh a fhios againn anois, sa seomra seo… 487 00:42:39,760 --> 00:42:40,720 muidne amháin 488 00:42:42,080 --> 00:42:43,080 go mb'fhéidir… 489 00:42:45,520 --> 00:42:47,400 go mbeadh ár n-athair bródúil asainn. 490 00:43:47,520 --> 00:43:49,000 Sea! 491 00:43:52,920 --> 00:43:54,680 -Dia daoibh! -Seo anois é! 492 00:43:56,120 --> 00:43:57,840 Coinnigh daingean é, a bhuachaillí. 493 00:43:59,680 --> 00:44:00,760 GUINNESS = CAIMILÉIRÍ 494 00:44:07,240 --> 00:44:09,280 Go hálainn! 495 00:44:09,360 --> 00:44:10,480 Dia duit! 496 00:44:12,840 --> 00:44:15,640 Breathnaíonn tú go hálainn. Galánta! 497 00:44:20,600 --> 00:44:22,080 Go mbeannaí Dia thú! 498 00:44:23,080 --> 00:44:24,600 Creidimid ionat, a Shior Arthur. 499 00:44:25,440 --> 00:44:27,000 -Sea. -Ag tacú leat, a Uas Guinness. 500 00:44:27,080 --> 00:44:28,880 Go raibh maith agaibh. 501 00:44:28,960 --> 00:44:31,480 Thall ansin. An buachaill. Ansin. 502 00:44:34,080 --> 00:44:35,840 Sea. 503 00:44:36,560 --> 00:44:38,040 Ar son Bhaile Átha Cliath! 504 00:44:39,160 --> 00:44:41,240 -Tá sé seo ag dul sách maith. -Tús maith. 505 00:44:51,480 --> 00:44:52,720 Anois, 506 00:44:52,800 --> 00:44:55,760 ba mhaith liom go rachfá isteach, 507 00:44:55,840 --> 00:44:58,080 go seasfá leis an slua, agus nach smaoineofá níos mó air. 508 00:44:58,160 --> 00:45:00,160 Is mise an Bhantiarna Olivia as Bá Bheanntraí. 509 00:45:00,680 --> 00:45:02,960 Ní sheasaim leis an focain slua. 510 00:45:35,840 --> 00:45:36,680 Dúisígí! 511 00:45:38,240 --> 00:45:41,440 -Coinnígí súil ghéar ar an dá bhalcóin. -Cinnte, a dhuine uasail. 512 00:45:48,040 --> 00:45:48,920 A dhuine uasail… 513 00:45:51,280 --> 00:45:52,320 tá tú slán. 514 00:45:52,840 --> 00:45:54,800 Tá fir Rafferty ar gach doras. 515 00:45:55,760 --> 00:45:57,000 Do chóta, a dhuine uasail. 516 00:46:02,440 --> 00:46:03,880 A dhaoine uaisle… 517 00:46:04,840 --> 00:46:06,400 In am duit an beart a dhéanamh. 518 00:46:06,480 --> 00:46:08,080 …lig dom a chur in bhur láthair… 519 00:46:10,840 --> 00:46:12,840 an t-iarrthóir Caomhach… 520 00:46:15,160 --> 00:46:16,440 do Bhaile Átha Cliath, 521 00:46:16,520 --> 00:46:18,960 Sior Arthur Guinness! 522 00:46:35,600 --> 00:46:36,880 As an mbealach. 523 00:46:36,960 --> 00:46:39,280 As an mbealach, a dúirt mé! 524 00:47:01,840 --> 00:47:03,000 Muintir Bhaile Átha Cliath… 525 00:47:06,160 --> 00:47:07,320 seasaimid anseo le chéile… 526 00:47:07,400 --> 00:47:10,440 -Cad atá á dhéanamh agatsa anseo? -Ag iarraidh mo dheartháir a shábháil. 527 00:47:10,520 --> 00:47:13,040 …i gcroílár na cathrach móire s'againne. 528 00:47:15,160 --> 00:47:16,840 Cathair a bhfuil stair bhródúil aici. 529 00:47:21,680 --> 00:47:24,400 Má fheiceann tú é, gabh é sular féidir leis aon rud a dhéanamh. 530 00:47:25,880 --> 00:47:26,720 Cathair… 531 00:47:26,800 --> 00:47:31,240 Agus coinnigh an gunna seo istigh i do phóca, agus amach as do lámh. 532 00:47:32,240 --> 00:47:33,680 Táim á lorg freisin. 533 00:47:34,200 --> 00:47:37,760 Má fheicim é, séidfidh mé m'fheadóg, agus tiocfaidh tusa agus d'fhir i gcabhair orm. 534 00:47:37,840 --> 00:47:39,520 Ach ní mharóidh tú é. 535 00:47:42,800 --> 00:47:48,040 Tá an rath seo cruthaithe againn trí chomhbhá chomh maith le spárálacht. 536 00:47:50,880 --> 00:47:52,560 Agus ó bhás m'athar, 537 00:47:53,320 --> 00:47:54,560 le mo theaghlach aontaithe, 538 00:47:54,640 --> 00:47:59,080 tá tús curtha ag an nGrúdlann Guinness leis an domhan a mhealladh. 539 00:48:11,480 --> 00:48:13,480 Hé, tá airgead agam ort! 540 00:48:17,560 --> 00:48:21,280 Agus anois…déanfaidh mé féin agus mo theaghlach ár ndícheall… 541 00:48:21,360 --> 00:48:23,520 Hé, dún do chlab! 542 00:48:23,600 --> 00:48:24,680 Amach leat! 543 00:48:24,760 --> 00:48:28,520 …le go mbeidh an chuid eile den domhan in éad leis an gcathair seo. 544 00:48:30,280 --> 00:48:31,560 Hé! 545 00:48:34,320 --> 00:48:35,680 Faigh réidh leis! 546 00:48:36,200 --> 00:48:37,480 I láthair na huaire, 547 00:48:39,080 --> 00:48:42,080 tá an todhchaí ár gcathrach móire 548 00:48:42,960 --> 00:48:44,640 idir dhá cheann na meá. 549 00:48:45,920 --> 00:48:48,240 An mbogaimid ar aghaidh de réir mar a athraíonn an saol? 550 00:48:51,120 --> 00:48:55,000 Nó an bhfillfimid ar na claontachtaí casta atá sáite san am atá thart? 551 00:48:56,240 --> 00:48:59,720 Nuair a fhéachann sibh ormsa, ní fheiceann sibh radacaí. 552 00:49:00,800 --> 00:49:02,040 Ach is é an rud a fheiceann sibh 553 00:49:02,800 --> 00:49:04,400 ná fear a bhfuil intinn oscailte aige 554 00:49:06,160 --> 00:49:10,880 i leith saol ár saoránach go léir a fheabhsú. 555 00:50:30,600 --> 00:50:32,360 TÁ AN FICSEAN SEO BUNAITHE AR FHÍORSCÉALTA 556 00:50:32,440 --> 00:50:34,320 TÁ RADHAIRC, PLOTA, IMEACHTAÍ AGUS CARACHTAIR 557 00:50:34,400 --> 00:50:35,520 CUMTHA CHUN CRÍOCHA DRÁMATA 558 00:50:37,520 --> 00:50:39,520 Aistriúchán fotheideal le hEllen de Paor